Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Cultúr > An Ghaeilge > Plean Teanga Contae

Plean Teanga Contae

Tá rún ag Comhairle Contae Dhún na nGall Plean Teanga Contae a dhréachtú i gcomhar le háisíneachtaí agus eagraíochtaí éagsúla ar fud an chontae, de réir mar atá luaite sa Straitéis Náisiúnta 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. D’aontaigh an Chomhairle Contae leis an Aire Gaeltachta, agus le hOifigigh de chuid na Roinne, go n-ullmhófaí an plean seo tríd an Choiste um Fhorbairt Phobail Áitiúil i nDún na nGall (LCDC) agus tríd an Phlean Áitiúil Pobail agus Eacnamaíochta (LECP).

 

Mar thoradh ar chomhairliúchán poiblí a rinneadh in 2016 maidir le Plean Teanga Contae, socraíodh gurbh fhearr dréachtú agus scríobh an phlean sin a fhágáil go dtí go mbeadh níos mó pleananna teanga scríofa agus ullmhaithe ag na Limistéir Phleanála Teanga sa Ghaeltacht, agus roinnt Oifigigh Phleanála Teanga ceaptha ina bpoist. Tá sé seo i bhfeidhm anois ag tús 2020, agus cuirfear tús arís i mbliana le Plean Teanga Contae a ullmhú do Chontae Dhún na nGall. 

 

Idir an dá linn, ón bhliain 2016, tá roinnt spriocanna, cuspóirí agus gníomhaíochtaí i dtaca le caomhnú agus cur chun cinn na Gaeltachta agus na Gaeilge scríofa isteach sa Phlean Áitiúil Pobail agus Eacnamaíochta (LECP) 2016 – 2022. Tá 41 gníomhaíocht i dtaca leis an Ghaeilge luaite san LECP. Ag glacadh san áireamh an réimse áisíneachtaí atá bainteach leis an obair seo, is féidir a rá go bhfuil na spriocanna, cuspóirí agus gníomhaíochtaí seo ag feidhmiú mar phlean teanga don chontae, de facto, go dtí go mbeidh sin curtha i gcrích.

 

Tá na spriocanna, cuspóirí agus gníomhaíochtaí seo mar threoirphrionsabail ag an Chomhairle, agus ag na háisíneachtaí cuí ina gcuid oibre taobh istigh de Dhún na nGall, maidir le caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge sa réimse pobail agus eacnamaíochta.

 

Leanfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le háisíneachtaí éagsúla stáit, eagraíochtaí Gaeilge, ceanneagraíochtaí sna Limistéir Phleanála Teanga sa Ghaeltacht, ceanneagraíochtaí sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus eagrais leasmhara eile, leanfaidh muid ag comhoibriú lena chéile leis na pleananna agus scéimeanna éagsúla i dtaca leis an Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Oibreoidh muid le chéile fosta, nuair is cuí, leis na cuspóirí agus gníomhaíochtaí atá luaite sa Phlean Áitiúil Pobail agus Eacnamaíochta 2016 – 2022 a chur i bhfeidhm.

 

Is féidir na Gníomhaíochtaí Gaeilge atá sa Phlean Áitiúil Pobail agus Eacnamaíochta a fheiceáil ag an nasc thíos.

 

Gníomhaíochtaí Gaeilge sa Phlean Áitiúil Pobail agus Eacnamaíochta 2016 - 2022